Do Shagairt agus d’Oibrithe Paróiste


Grow in Love in the Parish: A Bridge Between Home, School and Parish Communities

Spreagann Grow in Love in the Parish tuismitheoirí agus páistí teacht le chéile i suíomh na paróiste le linn bhliain Chéad Chomaoineach na bpáistí. Is bealach fíor é chun an nasc a dhéanamh idir an baile, an scoil agus an pharóiste, agus tógann sé ar rath na gclár baile/scoile/paróiste roimhe seo ar nós Do This In Memory.

 

Mar chuid den chlár Grow in Love in the Parish, tugtar cuireadh do theaghlaigh teacht chuig an Aifreann go rialta le linn bhliain ullmhúcháin an linbh don Chéad Chomaoineach. Tugtar smaointe maidir le conas cabhrú le páistí agus teaghlaigh páirt a ghlacadh san Aifreann mar chuid de leabhar an cheannaire. Cuirtear nótaí seanmóire ar fáil don sagart freisin mar aon le paidreacha samplacha.

 

Tá sraith nuachtlitreacha sa chlár freisin, a bhfuil nasc sainráite acu leis an gclár I nGrá Dé atá bunaithe sa scoil. Dáiltear iad seo ar bhonn míosúil do theaghlaigh. Léiríonn na téamaí a scrúdaítear sna nuachtlitreacha seo na téamaí ón gclár I nGrá Dé go díreach, lena n-áirítear an Phaidrín, an Aidbhint, an Baisteadh agus an Athmhuintearas, chomh maith leis an Aifreann féin.

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Grow in Love in the Parish: A Bridge Between Home, School and Parish Communities.

 

 

Grow in Love: A Guide for Priests and Parish Workers when Visiting Classrooms

D’fhonn nasc nithiúil a chothú idir an scoil agus an paróiste, molaimid go ndéanfadh sagairt agus oibrithe paróiste cuairteanna rialta ar sheomraí ranga i mbunscoileanna Caitliceacha. Chun cabhrú leat/libh é seo a dhéanamh, tá an foilseachán seo a leanas ar fáil: Grow in Love: A Guide for Priests and Parish Workers when Visiting Classrooms.

Leanaí Caitliceacha a fhreastalaíonn ar scoileanna nach scoileanna Caitliceacha iad

Tugann roinnt paróistí tacaíocht do leanaí Caitliceacha a fhreastalaíonn ar scoileanna nach scoileanna Caitliceacha iad, trí ranganna in Oideachas Reiligiúnach a sholáthar i ndiaidh am scoile.T tá clár comhthreomhar curtha ar fáil do mhic léinn Caitliceacha a fhreastalaíonn ar scoileanna nach scoileanna Caitliceacha iad. Tá sé seo ar fáil, saor in aisce, anseo.