Do Thuismitheoirí agus Teaghlaigh


 I nGrá Dé

Tús eolais do Thuismitheoirí agus Teaghlaigh

Fáilte chuig láithreán gréasáin I nGrá Dé. Tá súil againn go dtabharfaidh an leathanach seo roinnt eolais duit faoin sraith I nGrá Dé.

Má tá do pháiste ag baint úsáid as I nGrá Dé ar scoil, tá sé/sí ag freastal ar scoil Chaitliceach is dócha. I scoileanna Caitliceacha, caitheann páistí roinnt ama gach lá ag foghlaim faoi Dhia. Tugtar Oideachas Reiligiúnach ar an ábhar seo. Tá an méid a mhúintear do pháistí in Oideachas Reiligiúnach leagtha amach i bhfoilseachán ar a dtugtar: Catholic Preschool and Primary Religious Education Curriculum for Ireland. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin churaclam seo trí chliceáil anseo.

Tá na nithe seo a leanas ar fáil sa chlár I nGrá Dé: scéalta, dánta, ealaín, drámaíocht agus gníomhaíochtaí ceoil – na nithe seo ar fad ceapaithe chun cabhrú le do pháiste foghlaim faoi Dhia. Ba mhaith linn agus is gá duit a bheith páirteach san fhoghlaim seo. Tá leabhar do pháiste I nGrá Dé leagtha amach sa chaoi go bhfuil dhá leathanach le déanamh gach seachtain. Déanfaidh do pháiste leathanach amháin ar scoil, agus tugtar cuireadh duit an leathanach eile a dhéanamh le do pháiste sa bhaile. I measc na rudaí a iarrfar oraibh a dhéanamh le chéile tá:

  • Athinsint a dhéanamh ar scéal a chuala do pháiste ar scoil – ar nós scéal ón mBíobla, nó scéal naoimh ar nós Naomh Pádraig.
  • Líníocht a dhéanamh nó pictiúr a dhathú – bunaithe ar an méid a chuala do pháiste ar scoil, ar nós scéal na Nollag nó scéal na Cásca.
  • Paidir a rá le chéile. Tá focail na bpaidreacha go léir a bheidh á foghlaim ag do pháiste liostaithe ar chúl leabhar an pháiste taobh istigh den chlúdach.
  • Comhrá a dhéanamh faoi do pháiste, a gcairde, a gcuid mothúchán, do theaghlach, srl. Arís, bainfidh an comhrá seo leis an méid a rinne do pháiste ar scoil i rith na seachtaine.

I ngach rud, Oideachas Reiligiúnach ina measc, is tusa an chéad mhúinteoir agus an múinteoir is fearr atá ag do pháiste. An méid a dhéantar ar scoil cuireann sé agus comhlánaíonn sé an méid a dhéanann tú sa bhaile. Sin é an fáth go bhfuil I nGrá Dé deartha le húsáid ar scoil agus sa bhaile. Soláthraíonn sé naisc le pobal áitiúil an pharóiste freisin.

Tugann I nGrá Dé deis duit, an creideamh a roghnaigh tú do do pháiste ag an mBaisteadh, a mhúineadh dó/di. Seo a leanas roinnt rudaí simplí gur féidir leat a dhéanamh sa bhaile chun cabhrú le do pháiste fás sa chreideamh:

  • Cruthaigh ‘Spás Urnaí’ i seomra leapa do pháiste ag úsáid earraí reiligiúnacha ar nós cros/cros chéasta, uisce coisricthe, coinneal, srl. Beidh taithí ag do pháiste ar ‘Spás Urnaí’ toisc go mbíonn ceann acu ina seomra ranga.
  • Cuir umar uisce coisricthe ag doras an tí agus beannaigh tú féin nuair a fhágann tú an teach.
  • Déan gníomhartha de chineáltas le do pháiste – mar shampla cuid dá mbréagáin/éadaí maithe a thabhairt do shiopa carthanais áitiúil.
  • Comhartha na Croise a ghearradh ort féin nuair a théann tú thar séipéal.
  • Cuairt a thabhairt ar an séipéal ag am ciúin agus comhrá a dhéanamh le do pháiste faoin méid a fheiceann siad ann.
  • Tabhair do pháiste ar Aifreann.
  • Guigh paidreacha simplí le do pháiste, mar shampla Paidir na Maidine/Paidir na hOíche, Altú roimh Bhia /Altú tar éis Bia agus An Phaidir/agus Sé do Bheatha, a Mhuire mar theaghlach.

Chun sampla den chlár do Naíonáin Shóisearacha a íoslódáil cliceáil anseo

 

Chun sampla den chlár do Naíonáin Shinsearacha a íoslódáil cliceáil anseo